St. Patricks College, Gardiner's Hill, Cork,
Ireland, T23 HX04
Phone: (021) 450 3055
[email protected]
Gsuite
VS Ware
Menu
News

Caith Amach É sa Scoil

Inné, 22-04-15, tháinig lucht drámaíochta ‘Caith Amach É’ chuig an scoil chun seó a chur ar siúl do lucht na hidirbhliana. Bhí an tríú bliain agus an cúigiú bliain páirteach freisin. Ar dtús, chuir siad seó bunaithe ar scéal ‘Noahs’ Ark’ ar siúl, seó den scoth a bhí ann agus baineadh an-taitneamh as. Bhí caractair iontacha sa scéal, ina measc Dia, Noah agus Máthair Noah, a bhí go mór i ngrá le Ryan Tubridy! Ansin ghlac na cailíní páirt i ndrámaí beaga dá gcuid féin, bunaithe ar an scéal céanna. Bhí siad measctha i ngrúpaí agus bhí línte ag gach duine le cleachtadh. Cuireadh críoch leis an seó leis na cailíní, agus seó iontach á chur i láthair acu. Bhí lá iontach ag gach duine ann agus bhain na fir ó Chaith Amach É, Niall agus Seán, taitneamh as a bheith ag obair leis na cailíní.

Yesterday, 22-04-15, the drama group ‘Caith Amach É’ came to the school to put on a show for the transition years. The third and fifth year girls also took part. At the start, they put on a show based on the story of Noahs’ Ark, that was enjoyed by the girls. There were some great characters in the show, including God, Noah, and Noahs’ Mother, who was very much in love with Ryan Tubridy! Then the girls took part in their own drama, based on the same story. They were mixed into groups and everyone had their own lines to practice. The show ended with the girls putting on the show themselves. Everyone had a great day and the men from Caith Amach É, Niall and Seán, thoroughly enjoyed working with our girls.